← Ba chosúil le Cioclóip na Gréige é sa mhéad is go raibh súil amháin aige i lár a éadain agus bhí an dara súil aige ar chúl a chinn. 🔊✎
← Cé gur leor straicfhéachaint ón tsúil ar chúl a chinn chun duine a mharú ba mhíle uair níos measa an tsúil eile - an tsúil nimhneach mar a thugtaí uirthi. 🔊
← Thóg sé ceathrar fear le mogall na súile sin a ardú ach choimeádtaí seacht mbindealán thairistí chun an saol a chosaint uirthi. 🔊✎
← Nuair a bhain sé an chéad cheann thosaigh an fraoch ag feo; leis an dara ceann tháinig dath donn ar an bhféar; leis an tríú ceann tháinig teas isteach sna crainn agus sna coillte; leis an gceathrú ceann d'éirigh deatach ó na crainn; leis an gcúigiú ceann tháinig dath na fola ar an dúiche; leis an séú ceann spréach sé ach leis an seachtú ceann bhí an lasóg sa bharrach ó cheann ceann na háite. 🔊✎
← Ba iad an Tuatha Dé Danann cosantóirí na tíre ag an am. 🔊✎
← Nochtaíodh tairngreacht do Bhalor gurbh é an chríoch a bheadh leis ná go maródh mac a iníne é. 🔊✎
← Ní raibh aige ach iníon amháin, Ethniú, agus lena chinntiú nach mbeadh aon mhac aici chuir sé í i ndún sa Tor Mór, an bheann ba airde agus ba dheacra ionsaí ar oirthear Thoraigh. 🔊
← Ba é an Taoiseach ar na Tulacha Beigile, ceantar atá idir Gort a'Choirce agus Gaoth Dobhair, ná Mac Ceannfhaola. 🔊✎
← Bhí an bhó bhainne ab fhearr riamh aige seo ar ar tugadh Glas Gaibhnenn. 🔊✎
← Thug Mac Ceannfhaola an bhó leis, áfach, in aon áit a raibh sé ag dul agus ní ligfeadh sé as a radharc í. 🔊✎
← Lá amháin chuaigh Mac Ceannfhaola chuig an cheárta chun sleá a fháil déanta agus thug sé leis an bhó. 🔊✎
← Tharla gur bhuail sé lena dheartháir eile, Mac Sambthainn, a bhí thart faoin cheárta an lá sin fosta. 🔊✎
← Thug Mac Ceannfhaola an bhó do Mhac Sambthainn fad a bhí sé féin ag dul isteach sa cheárta. 🔊✎
← Bhí Balor ag faire air seo agus thapaidh sé an deis. 🔊✎
← D'inis sé dó gur chuala sé an bheirt deartháir sa cheárta a rá go ndéanfaidís sleá do Mac Sambthainn as iarann agus go n-úsáidís gach a raibh de chruach a bhí sa cheárta chun sleá galánta a dhéanamh do Mhac Ceannfhaola. 🔊✎
← D'fhág sé an rópa leis an stócach agus isteach leis sa cheárta. 🔊✎
← D'ardaigh Balor an bhó leis le luas lasrach agus bhí sí istigh i lár Thoraigh aige sular tháinig na deartháireacha amach. 🔊✎
← Port na Glaise nó Poirtín Ghlais atá fós ar an bport inar tugadh an bhó isteach ar an oileán. 🔊✎
← Chuaigh Mac Ceannfhaola chuig an Draoi le féachaint an mbeadh aon seans aige an bhó a fháil ar ais. 🔊✎
← Dúirt an Draoi leis nach bhfaigheadh sé ar ais go brách í fad a bhí Balor beo. 🔊✎
← Lena seo a dhéanamh ghléas sí Mac Ceannfhaola suas mar ghirseach agus d'ardaigh sí é i mbéal stoirme agus isteach go dtí an Túr Mór áit a raibh iníon Bhalor, Ethniú, ag cur fúithi. 🔊✎
← Bhí eagla ar na buimí an t-eiteach a thabhairt do bhean de mhuintir na Sí agus scaoileadh isteach iad. 🔊✎
← Thug Birage Mac Ceannfhaola amach arís agus ar ais go dtí an mhórthír. 🔊✎
← Thit an dealg a bhí á gceangal sa bhraillín amach agus thit na leanaí isteach san uisce. 🔊✎
← Chuaigh duine acu go tóin poill láithreach ach fuarthas an bheirt eile ar ais. 🔊✎
← Níor bádh an páiste a chuaigh go tóin poill, áfach, mar thug Birage ar ais faoin uisce é go dtí an mhórthír agus thug sí dá athair é. 🔊✎
← D'inis an Draoi do Bhalor gurbh é Mac Ceannfhaola athair na bpáistí. 🔊✎
← Ar a chlos sin dó bhailigh sé chuige a chuid laochra agus thug aghaidh ar an mhórthír. 🔊✎
← Rug duine de na laochra greim gruaige air, duine eile greim láimhe agus an tríú duine greim coise agus síneadh é thar chloch mhór mar ar bhain Balor an cloigeann de le haon bhuile amháin dá shleá. 🔊✎
← Cloch Cheannfhaola a tugadh ar an chloch ar ar maraíodh Mac Ceannfhaola agus sin é an t-ainm atá ar an pharóiste fós. 🔊✎
← Tar éis dó Mac Ceannfhaola agus a mhuintir a mharú cheap Balor go bhféadfadh sé an ceann ab fhearr a fháil ar an tairngreacht agus thugadh sé cuairt ar an mórthír agus ar cheárta Ghobniú . 🔊
← D'éirigh Balor an-cheanúil ar an stócach óg. 🔊✎
← Bhí a fhios ag an stócach céarbh é a athair féin agus bhí scéal a bháis aige ach ní raibh a fhios aige cé a mharaigh é. 🔊✎
← Lá amháin tháinigh Balor go dtí an ceárta agus thárla go raibh Gobniú ar shiúl ag an am. 🔊
← D'fhan an stócach lena sheans agus nuair a bhí droim Bhalor leis chuir sé iarann dearg te go feirc trína shúil ar chúl a chinn agus amach trína shúil nimhneach. 🔊✎
← Thit Balor ina phléist ar an láthair agus dhoirt a chuid fola amach trína shúil nó go ndearna loch de. 🔊
← Tugtar an Gleann Nimhneach ar an áit go fóill. 🔊✎
← An leagan seo den scéal bunaithe ar Stray Donegal Folklore, Folklore Journal, 5 (1), lch 66-68, 1887. 🔊✎